Radio Frequency Plan for Ireland
Launch date:03 May 2017
Modified at:16 July 2021
Language(s): English , Irish
ComReg has published the eight edition of the Radio Frequency Plan for Ireland 2017. Radio frequency spectrum (“Spectrum”) is a finite but essential natural resource contributing €4.7 billion to Ireland’s Gross Domestic Product (GDP). ComReg is tasked with managing increasingly complex requirements for Spectrum, in order to support key industries and stakeholders. There has been a massive increase in the consumption of data by mobile users since the advent of the smartphone, exceeding 500% since 2012, which has been facilitated by improvements in 3G and 4G network rollouts. The use of wireless devices, such as smartphones and tablets in facilitating wireless broadband access to the internet is now an important dimension, in meeting the demands of many users. Furthermore, developments such as the Internet of Things (IoT), smart metering and the forthcoming 5G mobile networks are also supported by Spectrum.
Tá an t-ochtú heagrán den Phlean Minicíochta Raidió foilsithe ag ComReg. Is acmhainn náisiúnta luachmhar teoranta ach riachtanach í Speictream Minicíochta Raidió (“Speictream”) a chuireann €4.6 billiún le holltáirgeacht intíre (OTI) na hÉireann. Tá ComReg freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar na riachtanais chasta speictrim, riachtanais atá ag dul i ndeacracht, chun tacú le príomhthionscail agus príomhgheallsealbhóirí. Tá méadú suntasach tagtha ar an méid sonraí atá in úsáid ó tháinig fóin chliste ar an saol, méadú atá níos airde ná 500% ó 2012 , rud atá eascaithe ag feabhsuithe i gcur i bhfeidhm na ngreásán nua 3G agus 4G. Is cuid ríthábhachtach í úsáid gléasanna gan sreang, ar nós fón cliste agus táibléad, in éascú a dhéanamh ar rochtain leathanbhanda gan sreang ar an idirlíon chun riachtanais go leor úsáideoirí a shásamh.